← Viewer GORTAHORK Text Bulletin · 20/09/2026
100% or pinch to zoom

Gortahork

20/09/2026


Page 13

POBAL CHRÍOST RÍ
GORT A’ CHOIRCE
An tAth. Donnchadh Ó Baoill
(086) 603 1749 / (074) 91 35214
tpcr1906@gmail.com
13ú Mean Fómhair 2026
www.pobalchriostri.ie / www.mcn.live

AIFRINN NA SEACHTAINE

12.09 Satharn 7 i.n.
Christopher Mc Fadden, Machaire Rabhartaigh
13.09 Domhnach 9 r.n.
13.09 Domhnach 11 r.n.
Padai,Nora & Patrick Mc Gee,Machaire Rabhartaigh
14.09 Luain 7 i.n.
15.09 Máirt 10 r.n.
16.06 Céadaoin 7 i.n.
17.09 Déardaoin 7 i.n.
18.09 Aoine 7 i.n.
Margaret Quinn, Inis Bo Finne/Machaire Rabhartaigh
19.09 Satharn 7 i.n.
Grace & Micheal Harkin, Sruthan
20.09 Domhnach 9 r.n.
Sarah & Joe O’Brien, An Bhealtaine
20.09 Domhnach 11 r.n.

BÁS LE GAIRID

Eugene Mac Pháidín,Mín Lárach
Kay Mc Quillan,Sandymount,Baile Atha Cliath
Michael Doogan,Caoldroim Uachtarach
Martina Rafferty, An Fal Carrach
Bella Diver,An Fal Carrach
Michael Mulhern, Felixstowe/Sasain
Tógadh €1,165 an tseachtain s’chuaigh thart. Buíochas don
phobal.
BANC BIA CHLOICH CHEANN FHAOLA 085 756 0177
Dé Mairt 10.30 r.n - 7.00 i.n.
PAIDRIN (CHAPLET) THROCAIRE DE - Dé Mairt 7.00 i.n.
PAIDRIN NA NAOMHSHACRAIMINTE Dé Domhnaigh.
Beidh bailiúchán airgid ag Geaftai Tigh Phobail ar an 19ú agus 20ú
Mean Fomhair le cuidiú le scoláirí PCC ata ag dul go Lourdes le
h-obair dheonach a dhéanamh le Deoise Rath Bhoth.
Ta cupla suiochan fagtha ar oilithreacht go Lourdes ar an 28.09.26
fa choinne 5 la. Déan teagmhail le John Mc Ginley 074913520
Ar fail ag cul Theach a’ Phobail achan tseachtain.
Cuir €3.00 sa bhocsa bhán - tá siad ardaithe i bpraghas.
AN CEATHRÚ DOMHNACH FICHEAD A

AN CHÉAD LÉACHT

Sliocht as leabhar Sírach. 27:30-28:7.
Faltanas is fearg, is fuath liom iad,ach bíonn siad ina chroí
istigh ag an pheacach. An té a bhaineas díoltas, bainfidh Dia
díoltas as, nó coinníonn sé cuntas cruinn ar a pheacaí.
Maith do chomharsa an éagóir atá déanta aige, agus
nuair a dhéanfas tú urnaí, maithfear do pheacaí duit. Má
choinníonn duine olc istigh ina chroí do dhuine eile, caidé
mar is féidir leis bheith ag dréim le leigheas ón Tiarna?
Muna ndéana sé trócaire ar dhuine eile atá cosúil leis féin,
caidé mar thig leis maithiúnas a iarraidh ina pheacaí féin?
Má chothaíonn sé fearg agus gan ann féin ach duine, cé a
mhaithfeas a pheacaí dó? Cuimhnigh ar an chríoch atá
romhat agus cuir uait an fuath; cuimhnigh ar an deireadh
agus ar an bhás agus coinnigh na haitheanta go dílis.
Cuimhnigh ar na haitheanta agus ná bí i bhfeirg le do
chomharsa. Cuimhnigh ar chonradh an Té is Airde agus déan
neamhshuim de lochta do chomharsan.
Briathar an Tiarna. FR. Buíochas do Dhia.

FREAGRA AN tSAILM

Is grámhar trócaireach é an Tiarna,
foighdeach agus lán de cheansacht.

AN DARA LEACHT

Sliocht as litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh.
A bhráithre, ní dó féin amháin a mhaireas aon duine
againn, agus ní dó féin amháin a fhaigheas aon duine bás;
más beo dúinn, mairimid don Tiarna; agus más bás a
fhaigheann muid, faighimid bás don Tiarna. Dá bhrí sin, is
cuma cé acu beo nó marbh sinn, is leis an Tiarna sinn. Mar
is fá choinne sin a fuair Críost bás agus d'éirigh arís ó
mharbh, ionas go mba Tiarna na mbeo agus na marbh é.
Briathar an Tiarna. FR. Buíochas do Dhia.
ALLELUIA, alleluia!
Labhair, a Thiarna,
tá do sheirbhíseach ag éisteacht;
is agatsa atá briathra na beatha síoraí.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Maitiú. 18:21-35.
San am sin tháinig Peadar chuig Íosa agus dúirt leis: “A Thiarna,
cé mhéad uair ba cheart domh pardún a thabhairt do mo
bhráthair nuair a pheacaíos sé i m'éadán; go dtí seacht nuaire?”
Dúirt Íosa leis: “Ní seacht n-uaire a deirim leat, ach seacht
n-uaire fá sheachtó.” “Dá bhrí sin, is féidir ríocht na bhflaitheas a
chur i gcosúlacht le rí arb mhian leis cuntas a iarraidh ar a chuid
seirbhíseach. Nuair a thosaigh sé ar an chuntasaíocht, tugadh
fear chuige a raibh fiacha deich míle talann air. Ó tharla nach
raibh glanadh na bhfiach sin aige, d'ordaigh an máistir é féin, a
bhean, a chlann agus a raibh aige a dhíol agus na fiacha a
ghlanadh. Thuit an seirbhíseach ar a ghlúine ag cur impí air: ‘A
mháistir, bíodh foighid agat liom agus íocfaidh mé an t-iomlán
leat” Le neart trua dó, lig máistir an tseirbhísigh sin ar shiúl é

Auto-generated from the bulletin PDF. Irish (Gaeilge) and English preserved as printed. Check mass times and names against the original PDF.